Gradaim NÓS 2018
Event Information
Description
Gradaim Cheoil NÓS 2018: Mór-ócáid bhronnta agus ceolchoirm spleodrach ina gcruinneoidh an chuid is fearr de cheoltóirí agus de bhannaí comhaimseartha na Gaeilge le chéile sa Sugar Club, BÁC, chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana seo.
Bronnfar gradaim sna rannóga seo thíos:
- Amhrán Nuachumtha na Bliana
- Albam na Bliana (Amhráin Úra)
- Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
- Ealaín Albaim na Bliana
- Físeán Ceoil na Bliana
- Nuíosach na Bliana
- Banna / Ceoltóir na Bliana
- Féile na Bliana
Tá an gearrliosta iomlán le fáil anseo.
Mar aon le bronnadh na ngradam, beidh ceol beo againn ó ghrúpaí móra aitheanta agus ó amhránaithe úra atá tar éis briseadh isteach ar shaol an nuacheoil Ghaeilge le bliain anuas.
Le slua mór Gael agus aíonna speisialta eile i láthair, tá oíche den scoth geallta in ionad cúláilte siúcrúil na príomhchathrach.
Bígí linn!