
Gradaim NÓS 2019
by NÓS
Date and time
Refund policy
Refunds up to 30 days before event
Description
Gradaim NÓS 2019: Mór-ócáid bhronnta agus ceolchoirm spleodrach ag a gcruinneoidh an chuid is fearr de cheoltóirí agus de bhannaí comhaimseartha na Gaeilge le chéile sa Sugar Club, BÁC, chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana seo.
Bronnfar gradaim sna rannóga seo thíos:
- Amhrán Nuachumtha na Bliana
- Albam na Bliana (Amhráin Úra)
- Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
- Ealaín Albaim na Bliana
- Físeán Ceoil na Bliana
- Nuíosach na Bliana
- Banna / Ceoltóir na Bliana
- Féile na Bliana
Mar aon le bronnadh na ngradam, beidh ceol beo againn ó ghrúpaí móra aitheanta agus ó amhránaithe úra atá tar éis briseadh isteach ar shaol an nuacheoil Gaeilge le bliain anuas.
Le slua mór Gael agus aíonna speisialta eile i láthair, tá oíche den scoth geallta in ionad cúláilte siúcrúil na príomhchathrach.
Bígí linn arís don cheathrú bliain as a chéile!