Gradaim NÓS 2020
Event Information
Description
Gradaim NÓS 2020: Den chúigiú bliain as a chéile, beidh mór-ócáid bhronnta agus ceolchoirm spleodrach Ghradaim NÓS ar siúl sa Sugar Club, BÁC, áit a gcruinneoidh an chuid is fearr de cheoltóirí agus de bhannaí comhaimseartha na Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana seo.
Bronnfar gradaim sna rannóga seo thíos:
- Amhrán Nuachumtha na Bliana
- Albam na Bliana (Amhráin Úra)
- Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
- Ealaín Albaim na Bliana
- Físeán Ceoil na Bliana
- Nuíosach na Bliana
- Banna / Ceoltóir na Bliana
- Féile na Bliana
Gearrliosta iomlán le fáil anseo.
Beidh formáid nua againn i mbliana le bronnadh na ngradam ag tús na hoíche agus ansin ceol beo ina dhiaidh sin ó ghrúpaí móra aitheanta agus ó amhránaithe úra atá tar éis briseadh isteach ar shaol an nuacheoil Gaeilge.
Le slua mór Gael agus aíonna speisialta eile i láthair, tá oíche den scoth geallta in ionad cúláilte siúcrúil na príomhchathrach.
Bígí linn arís in 2020!