Conradh na Gaeilge

Conradh na Gaeilge

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge.

Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893.

Conradh na Gaeilge is the democratic forum for the Irish-speaking community.

The Conradh has over 200 branches and numerous individual members registered around the world, members that work hard to promote the use of Irish in their own areas. Conradh na Gaeilge’s main aim is to promote the use of Irish as the standard language in Ireland. Conradh na Gaeilge was established by Douglas Hyde, Eoin Mac Néill, and their colleagues on the 31st of July 1893.