CUMANN CULTÚRTHA MHIC REACHTAIN

Ba í Mary-Anne McCracken (1770-1866) agus a deartháir, an tÉireannach

Aontaithe Henry Joy (1767-98), a spreag misean Chumann

Cultúrtha Mhic Reachtain, nó bhí an bheirt acu gníomhach i saol

mhuintir Bhéal Feirste a fheabhsú. Is mian linne leanúint orainn ag

fíorú a bhfíse sin agus deis a thabhairt do gach duine blas a fháil ar

na healaíona agus ar an chultúr Gaelach, beag beann ar aois, aicme,

míchumas, eitneacht, cúlra oideachais, inscne, reiligiún, creideamh

ná aon tréith eile. Dá bhrí sin, d’athraigh muid ár bhfoirgneamh nua

ina ionad ealaíon agus cultúr Gaelach den chéad scoth, Áras Mhic

Reachtain, le go mbeadh ar ár gcumas an t-eispéireas is fearr agus ab

fhéidir a chur ar fáil dár rannpháirtithe, ár gcairde agus ár bpobal.

Tá a bhealach isteach féin ag an Caifé Ceoil nua ar urlár an talaimh áit ar féidir le

daoine bualadh isteach le haghaidh caife agus comhrá a dhéanamh i

nGaeilge. Tá sraith de sheomraí teagaisc agus spás gailearaí le plean

oscailte againn ar an dara hurlár, agus spás ceolchoirme athchóirithe

ar an urlár ag an bharr atá feistithe le trealamh fuaime agus soilsithe.

Rinneadh uasghrádú iomlán ar ár saoráidí folctha.

Tá ár spásanna oiriúnach do réimse gníomhaíochtaí ealaíon agus

cultúir – ceolchoirmeacha ar scála mór nó cairdiúil, ceardlanna

nó ranganna, cainteanna nó léachtaí, cruinnithe sóisialta, seoltaí

leabhar nó CDnna agus go leor eile. Tá siad ar fáil fosta do ghrúpaí

pobail áitiúla a reáchtálann clubanna óige, ranganna damhsa, grúpaí

léitheoireachta agus ranganna ceoil do pháistí. Cuirtear ár ngníomhaíochtaí

ealaíon agus cultúir ar fad ar fáil trí mheán na Gaeilge, rud

atá lárnach do mhisean an Chumainn.

Táimid suite achar gearr siúil ó lár na cathrach, ar na príomhbhealaí

bus, agus tá páirceáil ar an tsráid in aice láimhe. Táimid gar do roinnt

tithe tábhairne, siopaí, óstán agus B&Bnna.

Mura raibh tú ar cuairt againn roimhe seo, táimid ag súil le fáilte a chur

romhat chuig Áras Mhic Reachtain.

'Ceann de na hionaid chultúrtha, ceoil ‘s ealaíona is fearr in Éirinn' - An Seanadóir Niall Ó Donnghaile (Houses of the Oireachtas), 2022.

'Ar cheann den na hionaid Ghaeilge is fearr sa tír' - Rónán Mac Aodha Bhuí (Cabaret Craiceáilte, Rónán Beo - RTÉ Raidió na Gaeltachta)

The mission of McCracken Cultural Society was inspired by Mary-

Anne McCracken (1770-1866) and her brother, United Irishman

Henry Joy (1767-98), both of whom were active in improving the

lives of the people of Belfast. We want to continue to drive their

vision and provide opportunity for all to experience Gaelic arts and

culture, regardless of age, class, disability, ethnicity, educational

background, gender, religion, belief or any other characteristic.

Therefore, we transformed our new building into a state-of-the-art

Irish language arts and cultural centre, Áras Mhic Reachtain, to

enable us to offer the best possible experience for our participants,

friends and community members.

Our new Caifé Ceoil has its own entrance on the ground floor where you

can drop in for a coffee and some conversation in Irish. We have a

suite of teaching rooms, an open plan gallery space on the second

floor and a renovated concert space on the top floor fitted with

sound and lighting equipment. Our bathroom facilities have been

completely upgraded.

Our spaces are suitable for a range of arts and cultural activities

– large-scale or intimate concerts, signature festivals, workshops or classes, talks or

lectures, social gatherings, book or CD launches and more. They

are also available to local community groups running youth clubs,

dance classes, reading groups and children’s music classes. Our arts

and cultural activities are all delivered through the medium of Irish,

which is central to the Society’s mission.

We are located a short walk from the city centre, on the main bus

routes, and have on-street parking nearby. We are close to several

pubs, shops, hotels and B&Bs.

If you haven’t visited us before, we look forward to welcoming you to

Áras Mhic Reachtain.

'One of the best Irish-language centres in the country' - Rónán Mac Aodha Bhuí (Cabaret Craiceáilte, Rónán Beo - RTÉ Raidió na Gaeltachta)

'One of the best arts, music, and cultural centres in Ireland' - Senator Niall Ó Donnghaile (Houses of the Oireachtas), 2022.

Upcoming (0)

Sorry, there are no upcoming events

Past (105)

Events

Sorry, there are no upcoming events

Collections